Ár Scoil

 


 

Tógadh an fhoirgneamh ina bhfuil Scoil Cholmcille ann faoi láthair sa bhliain 1961. Cuireadh an scoil faoi choimirce Naomh Colmcille ós rud é go mb'é pátrún an cheantair é.
Sa bhliain 1994 tosaíodh ar an bhfeachtas i gcóir seomraí nua a chur leis an bhfoirgneamh. B'é an t-Ath. Aodh Ó Lachtnáin a bhí mar bhainisteoir agus le tacaíocht iontach ó bhaill an Bhoird Bainistíochta agus ó mhuintir an cheantair bailíodh suas le £30,000 i gcóir an obair tógála. Críochnaíodh an obair i 1998. Tógadh seomra ranga nua in ionad an t-seomra réamh-dhéanta a bhí ann ó 1981. Tógadh seomra uilefhiúntach agus seomra foirne freisin agus déanadh athchóiriú ar na seomraí eile sa scoil.

  Abhaile!